网页 综合 更新时间 2026-11-14 10:11:32

Údarás Náisiúnta Míchumais - National Disability Authority - IE

自动蜘蛛 nda.ie 正文约 3164 字
Brúigh Enter chun cuardach or Brúigh Esc chun an dialóg cuardaigh a ruaigeadh
Is gníomh neamhspleách reachtúil muid atá faoi dhualgas comhairle agus treoir a chur ar fáil don rialtas bunaithe ar fhianaise maidir le polasaí agus cleachtas faoi mhíchumas agus dearadh Uilíoch a chur chun cinn.humas agus cur chun cinn an Dearaidh Uilíoch.
TInniu, tá tuarascáil nua foilsithe againn dar teideal 'An turas ó phárochas go cinntí tacaíochta: Iniúchadh ar an bpróiseas agus ar thaithí daoine ag fágáil párochais.'
Faigh an t-eolas is deireanaí ar thaighde, at bheartais, ar fhoilseacháin, ar threoirlínte, ar fhoirne uirlisí, ar fhíseáin, ar bhileoga eolais agus ar liosta coimeádta ceisteanna coitianta de réir do réimse spéise.
Seirbhísí Míchumais a Bhunathrú chun Feabhais
Ceartas, Comhionannas agus Cumhdach
Teicneolaíocht Chúnta
Rannpháirtíocht sa tSochaí
Múscailt Feasachta agus Dearcthaí
An Choimirce Shóisialach
Tá ar Lárionad Foirfeachta i nDearadh Uilíoch tiomanta dá chinntiú go ndeartar timpeallachtaí ar féidir le gach duine iad a rochtain, a thuiscint agus a úsáid, beag beann ar a n-aois, a méid, a gcumas nó a míchumas. Is cuid den Údarás Náisiúnta Míchumais é an Lárionad Sármhaitheasa i nDearadh Uilíoch. Tá an nasc ag barr an leathanaigh seo: www.universaldesign.ie
Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) sa bhliain 2018. Is conradh idirnáisiúnta um chearta an duine é agus tá sé mar bhonn agus thaca ag obair an Údaráis Náisiúnta Míchumais.
Chuireamar ár d-tuarascáil ar oibriú an Achta um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017 faoi bhráid an Aire i mí Iúil 2021 agus d'fhoilsigh an Rialtas é i mi Eanair 2023.
Táimid ag obair ar anailís costais is tairbhe ar thithíocht atá deartha go huilíoch, ag féachaint ar thionchar Covid-19 ar fhostaíocht daoine faoi mhíchumas, agus ag scrúdú an tionchar a bheidh ag scor chóras na gCoimircithe Cúirte in Éirinn.
Ar fud an tsuímh Gréasáin seo, úsáidtear na téarmaí “daoine a bhfuil míchumas orthu” agus “daoine faoi mhíchumas” ar bhealach inmhalartaithe. Aithníonn a lán daoine sa ghluaiseacht ar son cearta míchumais in Éirinn go bhfuil an téarma ‘daoine faoi mhíchumas’ ag teacht le samhail ceart sóisialta agus chearta an duine de mhíchumas, ós rud é go meastar go n-aithnítear leis an fhíric gurb iad bacainní sa timpeallacht agus sa tsochaí a mhíchumasaíonn daoine a bhfuil lagú orthu. Mar sin féin, aithnímid freisin gur fearr le daoine eile go n-úsáidfí an téarma “daoine a bhfuil míchumas orthu” de bharr na tuisceana atá sa téarma sin ó nádúr gurb é atá iontu, thar rud ar bith eile, ná neacha daonna a bhíonn i dteideal chearta an duine. Tá sé sin ag teacht leis an teanga a úsáidtear in UNCRPD. Mar fhocal scoir, aithnímid nach ndeir roinnt daoine go bhfuil siad faoi mhíchumas.
25 Bóthar Chluaidh, Baile Átha Cliath 4, D04 E409
Faigh an t-eolas is deireanaí ar ár bhfoilseacháin, ár nuacht agus ár n-imeachtaí is déanaí le ríomhphost trí huaire nó ceithre huaire sa bhliain.
Please provide your email address. This field is required.
Please consent your subscription to our Newsletter.
Faisnéis aitheantais
©2026 NDA | Gach ceart ar cosaint
访问原文 返回搜索 https://nda.ie/ga/
本页为82搜索生成的网页快照,内容来自站内索引;演示数据的原文链接仅作示例。